Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Chaith sé cúpla bliain ag obair le tógálaí ar na Dúnaibh agus ansin chuir sé iarratas isteach le dhul sna Gardaí. | 00:00:33 | |
In 1956, d’éirigh leis fáil isteach sna Gardaí agus thosaigh sé ar phá £6/10/- sa tseachtain. I ndiaidh sé mhí traenála, chuaigh sé as Baile Átha Cliath go Béal An Átha i gContae Mhaigh Eo. Bhí sé in áit iargúlta go deo. Scéalta beaga grin faoin am a chaith sé ansin. Scéal fá déanamh poitín. | 00:06:33 | |
Phill sé go Baile Átha Cliath go Sráid an Phiarsaigh ach bhí athrach mór ar rudaí ó Chontae Mhaigh Eo. Bhí an baile garbh i gcónaí. | 00:02:07 | |
Bhí sé i lár Droichead Uí Chonaill nuair a pléascadh trí bhuama i gceartlár na cathrach in 1974. | 00:02:41 | |
Na daoine a chastaí air sa chathair a d’oibrigh go crua, fir a bhí ag obair le gual. An obair a bhí le déanamh acu. | 00:02:08 | |
Ní dheachaigh sé ariamh fá choinne airde céime ina phost, ní raibh sé ag iarraidh an baile a fhágáil. Chaith sé deich mbliana agus fiche sa chathair. | 00:01:17 | |